Ag éirí aníos ar an Torr, bhí deichniúr sa teaghlach ach bhí an chuid is mó acu ar shiúl. Nuair a bhí sí 10 mbliana d’aois chuaigh sí go Leitir Mhic an Bhaird ag foghlaim Gaeilge do pháistí. Ní ar fhostach a bhí sí, tógadh ansin í, chuaigh sí na scoile ansin fosta. Ní raibh Gaeilge ar bith sa teach sin. Bhí sí ar scoil go raibh sí 11 bliain. Bhí dúil aici ar scoil. D’fhan sí i Leitir go raibh sí 14 bliana d’aois. Ansin chuaigh sí go dtí Mc Devitt Institute ar na Gleanntaí ar feadh 1½ bliana. | 00:03:25 | |